As part of our Centenary year of 2023 and in line with a series of events, we began to collate the stories and photographs of the history of Cargin club and Toome district, culminating in the Centenary book publication in December 2024.
Réamhrá
Is mór an onóir dom an cúpla focal seo a scríobh ar son Chlann na hÉireann, An Carraigín. Is ó chroí na n-údar a tháinig an saothar seo. Is é atá sa leabhar ná scéal na nGael sa cheantar s’againne, scéal an spóirt, scéal na gcarachtar - agus dá réir sin, scéal an chlub. Le céad bliain anuas, tá Clann na hÉireann i gcroílar an phobail seo agus tá an club chomh tábhachtach do mhuintir na háite anois a bhí riamh.
Ní gá a rá gur choir dúinn a bheith buíoch de na daoine ar fad a tháinig romhainn agus a réitigh an bealach dúinn. Ba dhaoine uaisle agus ceannróithe iad na daoine a choinnigh na cluichí Gaelacha beo inár gcoirnéal beag ar bhruach an locha. Is ón bhun aníos a tharla an ghluaiseacht sa cheantar, agus léirítear sa leabhar seo an tiomantas, an diongbháilteacht agus an díograis a bhí acu, chomh maith leis na dúshláin a bhí rompú. Is cinnte nach raibh sé furasta i gcónaí – ach snámh siad in éadan easa leis an chlub s’againn a bhunú, agus tá muid faoi chomaoin acu go deo.
Chuir ár bpobal ar bhruach iarthuaisceart Loch nEathach beim ní hamháin ar na cluichí Gaelacha, ach ar achan ghné den chultúr Ghaelach chomh maith. D’oibrigh siad go crua leis an teanga, an ceol, agus an damhsa a shábháil agus a chur chun cinn fosta. Agus Clann na hÉireann 100 bliain ar an fhód i mbliana, ba choir dúinn an deis seo a thapú le smaoineamh arís ar na gnéithe eile sin. Is Gaeil muid, ná déanaimis dearmad air sin!
B’eiseamláir é Clann na hÉireann den Chumann Lúthchleas Gael le céad blian anuas – tá luachanna, traidisiún, agus spiorad an Chumainn slán sábháilte ar an Charraigín agus i dTuaim. Is cinnte go mbeidh siad slán go ceann céad bliana eile
Brian Ó Doibhlin
To purchase our Centenary book 'Clann na hÉireann: 100 years of Pride and Passion', please contact a committee member or email secretary.erinsowntoomebridge.antrim@gaa.ie

Even though the Centenary year has passed, we continue to collate and collect information and photos so that they may be stored together for any updates. These include any information you may have on old members, events, matches etc and we will collate them all together to produce a timeless piece that we can collectively be proud of.
Simply use one of the electronic forms in the 'Memorable Moments' or 'Send Photos' tabs, or email us at erinsowncargin@gmail.com
Alternatively, if you would prefer for assistance then please contact one of the Committee members who will be happy to help.